Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
‘Glórtha Ciotacha’ - Ag Samhlú Domhan Úr - sraith dátheangach Ghlór na Móna le haíonna iomráiteacha a bhfuil saineolas acu sa stair, sa pholaitíocht, san fhealsúnacht, sa tsochtheangeolaíocht agus araile | ‘Awkward Voices’ - Imagining a New World - Glór na Móna’s bilingual podcast with prominent activists, writers and academics covering history, politics, philosophy, sociology, sociolinguistics, health and environment.
Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
Michael Cronin: An Ghaeilge & An Éiceolaíocht
Is é Míchael Cronin an t-aoi speisialta den eagrán nua seo ón chaint a thug sé i nGael-Ionad Mhic Goill le linn Féile an Phobail in 2023 le fear an tí Eoghan Ó Garmaile, oibrí le Glór na Móna. Tá an chaint dírithe ar leabhar Mhíchael darbh ainm An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht agus labhair sé faoin nasc daingean atá eatarthu agus an dóigh ar chaill muid cuid dár nasc leis an timpeallacht nuair a chaill muid an Ghaeilge agus an géarghá leis an bheirt a shábháil.
Is léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus is údar trí mhonagraf déag, comheagarthóir ar sheacht gcnuasach a cuireadh in eagar agus údar bhreis agus 150 alt measúnaithe agus caibidil leabhair é Michael Cronin. Aistríodh a shaothar go sé theanga dhéag. I measc a shaothair fhoilsithe tá, Across the Lines: travel, language, translation in 2000, Translation and Globalization in 2006 agus Translation and Identity in 2006 chomh maith. Bainigí sult.