Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
‘Glórtha Ciotacha’ - Ag Samhlú Domhan Úr - sraith dátheangach Ghlór na Móna le haíonna iomráiteacha a bhfuil saineolas acu sa stair, sa pholaitíocht, san fhealsúnacht, sa tsochtheangeolaíocht agus araile | ‘Awkward Voices’ - Imagining a New World - Glór na Móna’s bilingual podcast with prominent activists, writers and academics covering history, politics, philosophy, sociology, sociolinguistics, health and environment.
Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
Fergus Ó hÍr
Seo eagrán de Glórtha Ciotacha a rinne Glór na Móna ar Zoom in Aibreán 2021 agus is é seo ceann de na chéad eagrán de chuid an podchraoladh seo, ach an fáth a bhfuil an eagrán seo chomh speisialta ná gurb é Fergus Ó hÍr an aoichainteoir. Is gníomhaí cearta daonna agus feachtasóir iomráiteach ar son ceartas sóisialta é Fergus as Iarthar Bhéal Feirste a bhfuil 50 bliain taithí aige le gluaiseachtaí agus i bhfeachtais éagsúla. Bhí sé lárnach san fheachtas ar son Chearta Sibhialta agus sa ghluaiseacht in éadan na Blocanna H. Toghadh é mar chomhairleoir le Halla na Cathrach ar son Daonlathas an Phobail in 1981 agus lean sé ar aghaidh chun ról lárnach a imirt in athbheochan na Gaeilge ina phríomhoide le Meánscoil Feirste sna 90idí agus ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Chur an gníomhaí cearta daonna fadbhunaithe Deirdre McAliskey, a bhí ina Leas-Stiúrthóir ar an National Children’s Bureau NI ag an am, an t-agallamh ar Fergus. Bainigí sult