Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
‘Glórtha Ciotacha’ - Ag Samhlú Domhan Úr - sraith dátheangach Ghlór na Móna le haíonna iomráiteacha a bhfuil saineolas acu sa stair, sa pholaitíocht, san fhealsúnacht, sa tsochtheangeolaíocht agus araile | ‘Awkward Voices’ - Imagining a New World - Glór na Móna’s bilingual podcast with prominent activists, writers and academics covering history, politics, philosophy, sociology, sociolinguistics, health and environment.
Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
Eoghan Ó Néill: ‘Abrasive Gaels’
Thug an craoltóir Raidió Fáilte, an t-údar, agus laoch mór na Gaeilge, Eoghan Ó Neill, léacht ar a thaighde ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste darbh ainm “Abrasive Gaels” mar chuid d’Fhéile na Carraige 2023. Thug Eoghan léargas iontach spreagúil ar ghníomhartha radacacha a rinne Gaeilgeoirí Bhéal Feirste ar son na Gaeilge ó na 1980í ar aghaidh chomh maith leis an dóigh ar chaith an stát ó thuaidh leis an Ghaeilge sa tréimhse chéanna. Go raibh maith agaibh as éisteacht agus bainigí sult.